Slí na Lice

Baile
Siúl
Mapa
In English
Aire

Siúlóid 7: Siúlóid Abhainn na Lice Uachtarach, 7.06 cileaméadar.

Pointe Tosaithe inmholta: Pointe tosaithe inmholta: Tigh Tábhairne “Marine Bar” (S7 ar an léarscáil)

Táimid anois ag an bpointe rochtana is cóngaraí d’fhoinse an tsrutháin neamhghnách seo, a bhí mar uisce beatha dos na glúinte do-áirithe a chónaigh laistigh de limistéir abhantrach Ghleann na Lice. Srutháin dá leithéad seo a spreag Alfred Tennyson chun an dán iontach sin “The Brook” a chumadh, leis na línte buana sin “For men may come and men may go, but I go on forever.”

Pointe tosaithe maith don siúlóid seo ná an tigh tábhairne ceann tuí traidisiúnta ag Polla darbh ainm “An Seanachaí”. Téir ó dheas agus cas ar chlé i dtreo an Ghoirtín taobh leis an tigh nua-aimseartha leis an ndíon le síor-fána atá suite taobh thiar de ghairdín clochrach. Tá Aiteann, Driseacha agus Raithneach Mhór go fliúrseach sna fála anseo, le corr Sceach Geal. Tugann an Cúfróg Lawson forimeallach foithint ón ngaoth don bhforaois de Ghiúis Sitka aibí agus de Phéine Contórtach atá ar thaobh do láimhe chlé.

Tóg an forc ar dheis síos i dtreo Dhroichead na Faiche agus chífidh tú plandáil óg triaileach de Chéadar an Iarthair (Thuja Plilata) ar thaobh do láimhe deise. Tá foraoiseacha de Ghiúis Sitka ar dhá thaobh an bhóthair níos faide ar aghaidh agus tá idir fraoch Calluna agus fraoch Erica go fliúrseach sa bhfál, ag dul siar go dtí am nuair a bhí an ceantar seo ar fad clúdaithe le Móin.

Nuair atá tú ag Droichead na Faiche tá tú ag an bpointe is gaire d’fhoinse Abhainn na Lice anois, foinse atá leath mhíle in aghaidh srutha. Is féidir samplaí aibí de Ghiúis Sitka a fheiscint in aice leis an droichead. Tá saothrú den Saileachán Francach, atá suntasach i míonna Iúil agus Lúnasa, le fáil suas an bhóthar, áit a bhfuil treascairt glan déanta.

Tá an choillteoireacht an-throm san áit seo agus ag barr an Scardáin feictear Giúis Sitka agus Péine Contórtach don chuid is mó. Má fhéachann tú ar chlé ag an bpointe seo tá an pointe is airde 213 méadar os cionn leibhéal na farraige agus sileann sé seo isteach i bhfoinse na Lice. Is anseo freisin atá an t-aon radharc amháin den bhfarraige ó dheas a gheobhaidh tú in aon cheann de Shiúlóidí na Lice.

Cas ar dheis síos Móin na mBráthar tar éis gabháil ar bhóthar dhíreach atá neamhghnách. Seachas roinnt cluanta chnoic, tiocfaidh tú trasna ar fhoraois i ngach céim den bhfás.

Cas ar dheis ag Crosaire Uí Ailín agus nuair a shroiceann tú barr an chnoic ag An Chúil Rua tá radharc iontach lánléargais ar na Comaraigh soir uait agus ar Ghleann na Lice ó thuaidh agus siar uait. Seo an áit is fearr chun do mhacnamh a dhéanamh ar chumhacht iontach an nádúir, nuair is féidir leis an tsruthán bheag seo gleann chomh éachtach a shnoí de réir mar a théann sé chun fuinnimh.

Tá tú ar ais ar an N25 ag Crosaire an Chúil Rua. Cas ar dheis agus trasnóidh tú an Lice ag Droichead Pholla. Tabharfaidh tú faoi deara cé chomh neartmhar is atá an abhainn anois san achar ghearr idir an dá dhroichead ar an siúlóid seo.

Tá an Marine Bar suas an bhóthar. Tagann an t-ainm ó na saighdiúirí cabhlaigh a bhíodh ag traenáil in Eochaill sular chuadar go dtí an Fhrainc le linn an chéad chogadh domhanda.

Cas ar dheis chun siúlóid uimhir a 7 a chríochnú agus stop ar feadh tamaillín ag barr an chnoic chun féachaint siar thar an cheantar atá díreach siúlta agat..
 

 web site design Ireland

© 2005 Sli na Lice.