Slí na Lice

Baile
Siúl
Mapa
In English
Aire

Siúlóid 6: An Ré Mheánach/Gharraí na Graí, 10.26 Ciliméadair.

Pointe Tosaithe inmholta: ar an N25 ag an mbealach isteach go dtí Foraois Gharraí na Graí (S6 ar léarscáil).

Is é seo ceann de na siúlóidí is faide a théann thimpeall ar Abhann na Lice. Táimid anois sna réimsí uachtaracha ina dtéann an limistéar abhantrach isteach san abhainn ar bhonn níos caoine ná na gleannta níos drámatúla sna siúlóidí níos faide síos. Tá tábhacht ag an siúlóid seo ó thaobh an dinnseanchais agus na luibheolaíochta de. Tógann an siúlóid seo thú síos lánaí thuaitheacha, teoranta ag cluainte uachtaracha ina bhfuil caoire agus ba ag ithe leo gan straon, cosanta ag garráin foraoiseachta. Tógann do thriail tú trí Choill Gharraí na Graí, áit inar féidir leat féachaint ar Chromán na gCearc atá fíor neamhchoitianta sleamhnú agus ruathair a thabhairt faoi chraiceann na habhann ag an bpointe seo.

Cuir tús le do shiúlóid ar an N25 ag an mbealach isteach go dtí Coill Gharraí na Graí. Taisteal siar ar an bpríomh-bhóthar, atá tírdhréachtaithe le Fearnóg, Péine Albanach, Fuinseog agus Coll. Nuair a chasann tú ar dheis ag Ré na nGiolcaí in aice leis an mbóthar tiocfaidh tú trasna ar gharráin fhoraoiseachta Giúise agus Labhrais don chuid is mó agus faoi chosaint uaireanta ag plandáil imeallach de Chúfróg Lawson.

Rachfaidh tú thar na cluainte uachtaracha mar atá luaite thuas. I Lúnasa/Meán Fómhair coimeád súil amach do thortáin de fheileastram dearg ag teacht isteach sa bhFál Sceach. Rachfaidh tú trí Charraigín agus isteach sa Mhoing áit a íslíonn an bóthar síos i sruthán cúntach. Tiocfaidh tú trasna ar Shaileach choiteann agus ar Sheiceamar anseo, ag ardú suas an chnoic go dtí acomhal Ghleann na Lice, áit a bhfuil Plandáil Bheithe agus Fheá le feiscint. Go déanach sa Samhradh geallann Airgead Luachra Bán agus Saileachán Pink Posebay suas na Driseacha, Aiteann, Féar agus Raithneach Mhór sa scrogarnach. I mBealtaine/Meitheamh, tá beocht iontach sa cheantar seo le taispeántas álainn den lus síoda dearg ar thaobh an bhóthair.

Cas ar dheis síos go dtí Droichead na Lice. Tá teorainn coitianta ag an mbóthar seo le Siúlóid a 5. Tóg an chéad casadh ar dheis tar éis an abhainn a thrasnú. Ardaíonn an bóthar seo suas go géar, ar an imeall leis an Ré Mheánach Thoir chun bualadh le Bóthar Geoise-Polla ag an mbarr. Tá an bóthar seo, a bhí mar bhóthar seirbhíse ag Gníomhairí Tiarnaí Talún Villiers-Stuart chun taisteal go dtí na tionóntaithe go léir a bhí ar a sealúchas ó Dhrom Eanaigh go Ceann Heilbhic, réasúnta mín. Tá go leor flóra séasúrach le feiscint ar an mbóthar crochta seo, cosúil leis an bhfeadóg chuaiche, Lus Síoda agus Cnapán. I dtreo an bharr tá Fraoch coiteann agus Tom Fraochán le feiscint chomh maith.

Ag Crosaire Ré na bhFeadóg, cas ar dheis agus coimeád súil amach do chomhartha DG55 áit a chasann tú ag casadh isteach ar Chosán Choill Gharraí na Graí. Tá an siúlóid fhoraoise seo draíochtúil agus aineoinn go bhfuil Giúis Sitka ceannasach, tá gnéithe crua-adhmaid cosúil le Feá agus Beith ann chomh maith. Tá an plandáil nua suimiúil ar thaobh do láimhe chlé, inar cuireadh barr triaileach de Chéadar Iartharach (Thuja Plicata) le déanaí, agus tá na héin anseo corraitheach mar atá ráite thuas.

Is féidir tortáin de raithneach mhadra a fheiscint ag gobadh amach ón mbruach ón ndroichead. Tá Learóg agus Fearnóg mar ghnéithe agus tú ag dul amach ar an bpríomh-bhóthar. Ar thaobh an chosáin tá saghsanna éagsúla de Bheathnua le fáil.

Arís, gné den tsiúlóid seo is ea an t-athrú suntasach atá tagtha ar an gceantar seo de bharr teacht isteach na foraoiseachta le caoga bliain anuas.
 

 web site design Ireland

© 2005 Sli na Lice.