|
Pointe Tosaithe inmholta: S5 ar léarscáil.
Tá an siulóid deas cúig chiliméadar seo an-dhifriúil ó
na siúlóidí fothanta eile san Iarthair. Toisc é a bheith
scéirdiúil, tá go leor den flóra agus den duilliúr atá
le feiscint san iarthair in easnamh anseo. Tá a draíocht
fhéin ag an siúlóid seo mar sin fhéin agus tá éin cosuil
leis an Naoscach agus Creabhar le fáil anseo agus
meabhraítear dúinn ó am go céile le Fraoch Coiteann agus
Aiteann Gaelach ar Fhreagairtí creagacha agus ar imeall
na Foraoiseachta go raibh an ceantar seo ar fad
clúdaithe uair amháin le Móin.
Tog Bóthar an Tuar ó Chrosaire Uí Chadhla agus cuir tús
leis an siúlóid ó bharr an bhealaigh achtaithe ar
theorainn Ghleann na Lice agus Tuar. Téir díreach síos
an bhealaigh achtaithe i dtreo an Droichid.
Tá crann Caorthainn agus Cuilinn anois is arís ar na
fallaí atá clúdaithe le hAiteann Gallda. Má fhéachann tú
go géar chífidh tú carnáin de Thom Fraochán nó 'Whorts'
mar a ghlaoitear orthu go nádúrtha sa cheantar seo. Tá
an Fraoch Coiteann thuasluaite, gné Callona, i láthair
chomh maith agus tiocfaidh an tsúil ghéar trasna ar
ghnéithe Erica agus Daboecia chomh maith.
Ar bhruach na habhann tá tortáin de ‘scrub rosa’ agus
Driseacha agus san abhainn tiocfaidh tú trasna ar
Bhiolar Uisce, Réiltín Uisce agus Duileasc Abhann. Nil
an oiread san le feiscint ó thaobh na luibheolaíochta sa
Bhealach Achtaithe ar an mBruach Thuaidh le hAiteann
Gallda, Breacán agus Sceach Gheal.
Talamh féaraigh don chuid is mó atá i nGleann na Lice le
ba agus caoire.
Cas ar dheis ag an acomhal-T. Tá an ceantar seo
athchoilltithe go mór. Tá Labhrais curtha ar an dhá
thaobh den bhóthair.
Gné den cheantar seo is ea an Droichead Cloiche. Tá
roinnt sprús Lochlannach sármhaith ar an dtaobh ó dheas
den abhainn.
Is féidir Giúis Sitka, Labhras agus Péine Contórtach a
fheiscint agus tú ag gluaiseacht ó dheas. Gearrann an
Bóthar thimpeall ar fhreagair chreagach nádúrtha le
fraoch coiteann agus aiteann, le cumadh maith air ó
cheann ceann na bliana.
Téir ar aghaidh i dtreo Chrosaire Uí Chadhla agus tóg an
Bealach Achtaithe ar ais go-dtí an tús. Tiocfaidh tú
trasna an athuair ar Chaorthann agus Cuileann ar an
bhFál Sceach.
 |