Slí na Lice

Baile
Siúl
Mapa
In English
Aire

Siúlóid 4: Siulóid Tuair, 13.45 ciliméadar.

Pointe Tosaithe inmholta: acomhal ag cosán Gleann na Lice le Bóthar an Ghreallaigh (S4 ar léarscáil).
Ar an ais Oirthear/Iarthair ritheann an siúlóid seo ó Ghleann na Lice go-dtí Crosaire Scoil Bhaile Uí Chorráin.

I ndinnseanchas an limistéir seo den Lice, tá fána níos caoine i dtreo na habhann sa talamh ná sna gleannta níos géire thiar, agus dá bhrí sin táid níos scéirdiúla. Imíonn na Coillte Dair neamhghasánach/Coll agus tagann saileach, fearnóg agus caorthann slán, le Caorthann agus Cuileann anseo agus ansiúd. Déanadh athchoilltiú ar an gceantar le blianta beaga anuas, rud atá tar éis flóra agus éiceolaíocht an cheantair a athrú go mór, ag tabhairt fothana agus scátha a bhí ag teastáil go géar.

Tóg Bóthar Tuair ó Chrosaire Uí Chadhla agus cuir tús leis an siúlóid ó bharr an Bhealaigh Achtaithe ar theorainn Ghleann na Lice agus an Tuar. Tá radharc an-mhaith ón lána an-tuaitheach seo den abhainn agus fánaí ó Thuaidh chomh maith le plandáil foraoiseacha de Ghiúis Sitka agus péine contórtach. Tá tithe feirme scoite le feiscint on mbóthar mór seo agus tú ag dul siar. Agus tú ag tuirlingt i dtreo Droichead an Ghreallaigh, tá tortán learóige (Buaircíneach Inlomtha) agus tortán de phéine contórtach ar dhá thaobh an bhealaigh.

Tabhair faoi deara an tslí ina úsáideann an fhoraoiseacht Cúfróg Lawson chun na crainn Giúise a chosaint ó oibriú forimeallach na gaoithe agus is féidir seastán maorga de Sprús Lochlannach a fheiscint ag an ndroichead.

Ag dul suas an chnoic i dtreo bhealach Naomh Dhéagláin, tá samplaí sármhaith sa Ghleann fothanta seo, le fána ghéar ar an bpointe thiar, de Dhair, Fuinseog, Feá agus Beith. Tá Teach Ceann Tuí Breá ar thaobh do láimhe chlé, díreach agus tú ag dreapadh ós cionn líne na gcrann – tír oscailte le Fuinseog agus Sceach Gheal ag fás ar chlaíocha cré le hairgead luachra, Peasair agus aiteann mar scrobarnach.

Fástar barra churaíochta sa cheantar seo agus tháinig athrú ar na héanlaithe dá bharr le Siobháiníní Buí, Caipíní Dubha, agus Gealóga i láthair. Cas ar dheis ag síneadh de Bhealach Naomh Dhéagláin suas go-dtí Scoil Náisiúnta Bhaile Uí Chorráin, áit a rachfaidh tú díreach Soir.

Leath-mhíle ón Scoil tá garrán beag fearnóga le Caor Chon (Viburnum Opulus) ag fás faoina bhun. Níl an tor dúchasach seo coitianta i gContae Phort Láirge, le Duilliúr agus Toradh suntasach dearg sa bhFómhar. Ag spaisteoireacht leat, bain taitneamh as an gceantar tuaithe seo le fallaí tacaíochta suimiúla. Tá Deora Dé mar ghné den bhfál sceach sa cheantar seo, tógadh isteach in Éirinn é 200 bhliain ó shin agus tá sé nádúrtha/dúchasach anois, go háirithe san Iar-Dheisceart.

Tóg an chéad acomhal mór eile ar dheis agus téir i dtreo An Tuar Theas. Tugann claíocha ísle an cheantair seo radharc maith de Ghleann na Lice.

Agus tú ag gabháil thar Coillte Giúis Sitka, tugann scrobarnach an Fhraoigh Choitinn agus Aitinn Ghaelaigh fianaise don Mhóin a chlúdaigh an ceantar seo uair amháin. Coimeád súil amach do thortáin de Shaileachán agus ‘Vinograss Seapánach’.

Téir síos an Bealach Achtaithe agus tú ag teacht i dtreo Ghleann na Lice. Tá Biolar Uisce, Réiltín Uisce agus Duileasc Abhann san abhainn. Agus tú ag siúl i dtreo an deiridh, coimeád súil amach i gcomhair Crainn Thom Fraocháin, Caorthainn agus Cuilinn.
 

 web site design Ireland

© 2005 Sli na Lice.