|
Pointe Tosaithe inmholta: Acomhal sa bhóthar ag teaichín
traidisiúnta cloiche (S3 ar léarscáil). Téir síos an
chnoic i dtreo na Lice, ag dul trasna na habhainn ag
droichead adhmaid. Téir ar dheis ag an acomhal leis an
mbóthar tarráilte. Lean an bóthar, a théann trasna
Abhann na Lice aríst ag Droichead an Ghreallaigh. Téir
ar dheis ag an acomhal-t chun tú a thógaint thar n-ais
go-dtí do phointe tosaithe.
Tá tú mar chuid de Bhealach Naomh Dhéagláin agus tú ag
dul i dtreo na habhann, cosán ársa úsaidthe ag manaigh a
bhíodh ag taisteal idir Aird Mhóir agus Caiseal. Tá
fulacht fia ar thaobh na láimhe deise sar a theánn tú
trasna an droichid adhmaid. Ag teacht cóngarach don
droichid adhmaid, is féidir clochán cora a bhíodh in
úsáid, b'fhéidir, ag na manaigh chun áth a dhéanamh
trasna na habhann. Tuairiscítear gníomhaíochtaí dobhráin
agus madraí uisce san abhainn seo go minic.
Tá sampla sármhaith den teach ceann tuí traidisiúnta sar
a theánn tú trasna Droichead an Ghreallaigh. Nuair atá
an droichead trasnaithe agat feictear tortán de phéine
contórtach agus tortán learóige, buaircíneach inlomtha.
Tá go leor samplaí de ghnéithe dúchasacha cosúil le dair,
caorthann, feá agus beith sa cheantar seo.
Siúl bríomhar é seo, agus tréithe éagsúla le feiscint
m.sh., Fulacht fia, droichead adhmaid, clocha céime,
droichead clochach ag an nGreallach agus samplaí breátha
de shean-thithe na Gaeltachta.
 |