|
Pointe Tosaithe inmholta: barr Bhóthar an Mhuilinn (marcáilte
S2 ar léarscáil).
Radharc lánléargais de Ghleann faoi choill Abhann na
Lice le fána ghéar. Ón bpointe ardaithe seo ag féachaint
ó dheas agus soir, is iontach an radharc é
cailéideascóip na ndathanna atá le feiscint ar an
gceannbhrat de bharr solas na gréine ar dhoirí fite
fuaite crainn fhoraoise de gach saghas agus crainn
dhúchasacha dair neamhghasánach/coll. Tagann athruithe
drámatúla ar na dathanna seo de réir na séasúir agus is
iontach an radharc í áit dúchas an flóra go háirithe go
déanach san earrach agus i dtús an tsamhraidh. Cuireann
ár gcuairteoirí imirce samhraidh agus geimhridh le
flúirse na n-éan agus spreagfaidh an pointe seo
taiscealadh níos déine a dhéanamh de réir mar a théann
an siúlóid ar aghaidh.
Lean ar aghaidh soir ó dheas síos Bóthar an Sean-Mhuilinn,
tá ráth ar chrainn fheá ar an bhfána deisceartach seo
agus maisíonn siad an fál sceach cois abha. Tá Giúis
Sitka curtha ar an mbruach thoir, dúchasach do Alaska
agus scrogarnach de raithneach mhór, aiteann agus
sceacha, le freagairtí de fhraoch coiteann, d'aiteann
gaelach agus de fhraochóg, mar fhianaise den Mhóin ársa,
a chlúdaigh formhór de cheantar uachtarach Ghleann na
Lice.
Gné den tuirlingt seo i dtreo an Mhuillinn ná prionsabal
an eochar-chloich i dtógáil fallaí tirime. Tá na fallaí
seo tar éis troid i gcoinne ama agus seasann siad mar
leacht cuimhneacháin do na fir a thóg iad.
Nuair a thagann tú thar an droichid cloiche tá seastán
iontach de sprús Lochlannach aibí sa bhealach isteach
go-dtí an Sean-Mhuileann. Bhí Muileann Dhrom Galláin ar
cheann de na muilte is mó in Éirinn le ceithre chur de
Chlocha Muilte, i 1850. Thomas Fuge a bhí mar mhuilleoir
agus cuireadh luacháil ollmhór, ag an am san, de £80
air. Ar an drochuair tógadh an muileann agus na
foirgnimh leasmhara on suíomh. Níl fágtha inniu ach
rannóg ard cúng de shár-struchtúr chun fianaise a
thabhairt ar an uair nuair a bhí an ceantar an-ghníomhach.
Tá fia buí go flúirseach sa cheantar seo agus tá Pocairí
Gaoithe, Seabhaic, Fabhcúin, Ulchabháin agus Sciatháin
Leathair le feiscint chomh maith.
Go doimhin sa ghleann seo, gan trácht ar fhuinseog,
saileach, fearnóg agus beith, is féidir teacht ar
thortán de Choll Dúchasach agus de Dhair Neamhghasánach
agus tú ag siúl ar bhóthar an Mhuilinn tá seastán maorga
de Ghiúis Noble leis na bioráin liathghoirm. Tá fraoch
coiteann, aiteann, agus Tom Fraochán le fáil sa
scrobarnach chomh maith.
Sa chuid uachtarach de Bhóthar an Mhuilinn, coimeád súil
amach do Chrann Fia-úll, Caorthainn, Beith, Féithleann
agus Conrós. Tá raithneach mhadra agus airgead luachra
go forleathan sa cheantar seo.
Ag teacht chomh fada leis an mbóthar tarráilte, cas ar
chlé. Glacann arócar (Péine Sileach) ceannasaíocht ar
ghrúpa de thithe. Tagann an crann seo ó chúige Araularia
sa tSile agus tá ráth ar an gcrann in Éirinn. Tar éis
siúl gairid síos an lána tuaitheach seo, téir síos
Bealach ársa Naomh Dhéagláin isteach sa sean-stair agus
bí i dteannta na manaigh fadó agus iad ag siúl ó
Mhainistir na hAirde Móire go Caiseal.
Seasann teaichín oibrithe traidisiúnta aon-seomra ag
barr an bhóthair seo. Tabhair faoi deara an Díon Scláta
Nádúrtha agus an leath-dhoras tréitheach. Tá flóra na
tuirlingthe seo cosúil le Bóthar an Mhuilinn. Go déanach
san Earraigh bíonn sabhaircíní agus sailchuacha ar fhál
sceacha clocha páirce, áit ar féidir Cuileann, Sceach
Gheal agus Draighneán Donn faoi Chaorthann a fheiscint.
Tá sútha talún fiáin sa bhfál sceach saibhir seo. Tá
craobhshruthán leat ar feadh píosa sar a shníonn sé
isteach sa Lice.
I dtreo bun Bhealach Naomh Dhéagláin, cuireann
comharthaíocht cor bealaigh go dtí droichead adhmaid in
iúl duit. Díreach anseo tá Folacht Fia ársa, áit
chócaireachta comónta inar úsáideach clocha te chun
uisce a théamh i soitheach adhmaid i gcomhair
cócaireachta.
Tar éis duit an droichead a thrasnú, chífidh tú tortáin
de choll, de dhair neamhghasánach, de Chaorthann, de
Sheiceamar agus de Fheá. Leath slí tríd chlaí banraí
tagann tú trasna ar na cosáin a d’úsáid na manaigh chun
an abhainn a thrasnú ar áth. Tá fiaile uisce cosúil le
biolar, réiltín uisce agus duileasc abhann móna le
feiscint ag an bpointe seo.
Nuair atá tú ag gabháil faoi Bhealach Naomh Dhéagláin ar
an dtaobh ó Thuaidh rachaidh tú isteach i bhforaois
dhlúth feá. Tá an bun-chlúdach déanta go príomha as
Celendine (Mór agus Beag), agus Sú Talún Fiáin. De réir
mar a éiríonn an ceannbhrat feá níos tuibhe, imíonn an
bun-chlúdach nach mór, ag fágaint tortáin de raithneach
mhadra agus chrua. Coimeád súil amach do phéine Albanach
aonair i lár na foraoise. Is é seo an t-aon saghas crann
péine atá dúchasach don tír seo
Buaileann tú leis an ruithéal rí agus tú ag teacht amach
as an gcoill fheá, mar scrobarnach don Sceach Gheal agus
don Draighneán Donn – tá Conrós agus féithleann fite
fuaite leis na saghsanna seo agus feictear tortáin
d'aiteann Gallda ar an mbealach.
Ag teacht chomh fada leis an mbóthar tarráilte, téir
siar ar an mbothár mór. Curaíocht don chuid is mó atá sa
cheantar seo, a tharraingíonn saghsanna éagsúla
d'éanlaithe cosúil le siobháiníní buí, caipíní duibhe
agus gealóga. Chomh maith le réimse leathan d'ainmhithe
curaíochta ar a ghlaotar fiailí!! Faigheann an
taistealaí sracfhéachaint ar Ghleann an Abha thíos faoi
ón lána tuaitheach seo, atá geal agus aerach tar éis
dorchadas na coille fheá. Téann an bóthar síos faoi líne
na gcrann ag lúb ghearr sa bhóthar. Arís feictear Coill
Bheag Fheá ardaithe ós cionn an bhóthair ar thaobh na
láimhe deise. San Earraigh tá bun-chlúdach iomlán den
‘Golden Lesser Celending’ le déise de chloigíní gorma ag
gobadh amach – radharc den scoth. Coimeád súil amach don
Chnó Capaill sa cheantar seo.
Fill ar an mbuaic as ar tháinig tú agus féach siar ón
bpointe seo chun iontas a dhéanamh den taithí
eiceolaíochta a bhí agat.
 |