|
Pointe tosaithe inmholta: barr Bhóthar an Mhuillinn (marcáilte
S1 ar an léarscáil)
Radharc lánléargais de Ghleann faoi choill Abhann na
Lice le fána ghéar. Ón bpointe seo ag féachaint ó dheas
agus soir, is iontach an radharc é cailéideascóip na
ndathanna atá le feiscint ar an gceannbhrat de bharr
solas na gréine ar dhoirí fite fuaite crainn fhoraoise
de gach saghas agus crainn dhúchasacha dair
neamhghasánach. Áit aoibhinn is ea é seo i gcomhair
lucht faire na n-éan agus cuirfidh an ionad faire seo
fonn ar an siúlóir níos mó a fheiscint de réir mar a
théann an siúl ar aghaidh.
Lean ar aghaidh i dtreo an iarthair síos lána tuaitheach,
le claíocha cré le fuinseog agus an sceach geal ar gach
aon taobh, radharc coitianta ná dris nó aiteann a
fheiscint ag fás mar scrobarnach ar an crainn
ardcheannasacha. Tá crainn óga feá tugtha isteach sa
bhfál agus coimeád súil amach do fheá chopair sa
cheantar seo. tá Plandáil óg de Ghiúis Sitka ar an
dtaobh ó thuaidh den bhóthar. Nochtann geataí talamh
féarach agus tugann sé spléachadh d'Abhann an Ghleanna.
Is féidir Cuileann, Saileach agus Fearnóg agus
Draighneán a fheiscint ó am go céile i measc an flóra ar
an bhfál.
Sar a chastar ar chlé i dtreo Droichead Feirme Éisc tá
braisle suimiúil d'oifigí an-bheag atá scartha amach ón
bpríomh theach.
Ón droichead – tá biolar agus lus an uisce agus duileasc
abhann móna le feiscint san abhainn. Tá cúfróg mór in
aice leis an droichead, garrán de sheiceamar ó dheas le
beith ar an dtaobh thiar theas. Agus tú ag dul soir tá
an fál beo san Earrach le ‘blue bias’ agus tursarraing
bhán. Aríst thar an chéad chnocán tá spléachadh de
Ghleann na hAbhann le feiscint ón dara chnocán.
Roinntear an gleann ina dhá leath ag freagairt ard agus
creagach agus tógann an lána malairt gleann i dtreo na
habhann agus féarach ard agus tá saghsanna éagsúla
d'éanlaithe le feiscint anseo. Tá garrán de phéine
contórtach ag barr an chnoic, áit ina dtiocfaidh tú
trasna ar cháiréail faoi uisce ina bhfuil saghsanna
éagsúla flóra uisce ar leith. Tá plandáil duillsilteacha
de shaghsanna seiceamar agus fearnóg atá dúchasach anois
le feiscint sa cheantar anois.
Tá fallaí clocha déanta as clocha ó na páirceanna le
feiscint faoi na claíocha cré.
Tá fothrach clochach suimiúil le feiscint agus seans gur
teach baintrí dhuair a bhí ann tráth, a bhí scartha
amach ón bpríomh theach béal dorais mar go bhfuil binn
an tí fós le feiscint ó thuaidh ón bhfothrach seo.
Anois cas ó thuaidh síos Bóthar an Mhuillinn isteach i
bpárthas luibheolaíochta agus fiashaoil. Chabhraigh an
fothaint atá tugtha ag an bhfána ghéar seo le seasamh ár
gcoill dúchasach de Choll agus Dair Shesile. Bí ag faire
amach i gcomhair portáin, Caorthann, Beith agus
fuílleach féithlinne agus Rós Fiain – tá raithneach
mhadra agus airgead luachra go forleathan sa cheantar
seo.
Tá ceantar uachtar an ghleanna faoi choill agus tá
seastán iontach de ghiúis Noble le feiscint ar thaobh do
láimhe clé agus tú ag dul i dtreo Droichead an Mhuilinn
Bridge chomh maith le scrobarnach anseo agus ansiúd de
‘Link Heath’ agus Fraochóg. Ag dul i dtreo an Droichid
seasann seastán maorga de Sprús Lochlannach aibí go mór
ós cionn an cheantair. Ar an dtaobh thoir den droichead
tá cead isteach go dtí ceann de na muillte ba mhó a bhí
in Éirinn tráth den tsaoil le ceithre de chur chloch
muilte. Níl fágtha inniu ach rannóg ard cúng de
shár-struchtúr. Tá fianna buí go forleathan sa cheantar
seo agus é tuairiscithe go bhfuil seabhaic de shaghsanna
éagsúla le feiscint ann chomh maith. Ag dul trasna an
droichid agus ag ardú go dtí an pointe tosaithe tá
saghsanna ar nós an feá ráthúil toisc an fhána ó dheas.
Gné den cheantar seo ná fallaí déanta as clocha tirim.
Is féidir prionsabal an eochair-chloch dhírigh a
fheiscint ar na siúlóidí seo a tógadh suas go dhá chéad
bhliain ó shin.
Tá scrobarnach Phlandáil Ghiúise Sitka agus tú ag teacht
i dtreo an bharr cosúil leis an dtaobh ó dheas. Nuair a
shroicheann tú an bóthar tarráilte, is féidir leat
féachaint siar trasna an cheantair a bhfuil tú tar éis
taisteal thairis
 |